Upload
minor
View
535
Download
71
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Clare sa Spéir. greannán gearr den scannán. Tá Clare, Eoin agus a gclann ag ithe bricfeasta.. Tá na páistí ag béicíl. Faoi dheireadh, briseann ar fhoighne Clare agus scairteann sí go tobann leo imeacht ar scoil gan mhoill…. - PowerPoint PPT Presentation
Citation preview
Clare sa SpéirClare sa Spéirgreannán gearr den scannángreannán gearr den scannán
Tá Clare, Eoin agus a gclann ag ithe bricfeasta.. Tá na páistí ag béicíl.
Faoi dheireadh, briseann ar fhoighne Clare agus scairteann sí go tobann leo imeacht ar scoil gan mhoill…
Téann na páistí ar scoil agus níl ach Eoin agus Clare fágtha sa chistin.
Insíonn Eoin faoi scéal sa Nuachtán faoi fhear a bhí curtha ar feadh 7 lá..
Bhí sé ag iarraidh an churiarracht dhomhanda a bhriseadh.
Ceapann Eoin nach raibh sa bheart ach amaidí…
Imíonn Eoin go dtí a chuid oibre gan fiú póg a thabhairt do Chlare..
Tógann Clare an nuachtán agus tosaíonn sí ag léamh. Tagann smaoineamh chuici.
Nuair a thagann an iníon is óige abhaile…
…ní chreideann sí a dá shúil.
Tá a mamaí thuas i gcrann sa ghairdín.
Deir Eoin léi go bhfuil ocras ar na leanaí agus go bhfuil uirthi teacht anuas.
Ach níl Clare ag teacht anuas mar tá uaithi an churiarracht dhomhanda a bhriseadh! 30 lá i gcrann!
A Dhaid, ní féidir mam a fhágáil amuigh sa ghairdín!
Beidh sé istigh gasta go leor nuair a
thosaíonn Coronation Street!
..ach d’fhan Clare sa chrann.
Tugann Eoin na béilí amach abhaile ach éiríonn na páistí bréan de sceallóga.
Sceallóga agus ispíní arís!!
Téann Eoin síos go dtí an tábhairne ach feiceann sé go bhfuil gach duine ag caint faoi Chlare.
Out of her TreeSean bbbanns Aine Ni L únaTomas O Rian’
Peadair Mac Micheal O Muir i
Pól Mc Keon
Tóiní Ó Sé
An bhfaca sé fós?
Oíche amháin tosaíonn sé ag cur báistí go trom.
Téann Eoin suas an crann le blaincéid chun cabhrú le Clare
Impíonn sé ar Chlare teacht anuas ach níl sí sásta é sin a dhéanamh go dtí go bhfuil an churiarracht briste aici.
Lá amháin téann Eoin amach go dtí an bothán sa ghairdín.
Níl a fhios ag Clare cad a bhíonn ar siúl aige ansin.
Ardaíonn Eoin bosca suas sa chrann.
Teilifís atá ann. Ní chaillfidh Clare anois Coronation street!
I gceann 30 lá léimeann Clare anuas cé nach bhfuil an churiarracht briste aici.
Ach tá grá, gáire agus tuiscint sa bhaile arís buíochas le misneach Clare.
Críoch