8
iMúscraí iMúscraí Dé Luain 12 Márta 2012 http://www.imuscrai.com SAOR IN AISCE Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí Chomharchumann Forbartha Mhúscraí Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó Liatháin Cúil Aodha Co. Chorcaí. Teil: 026 65781 085 8130777 http://www.imuscrai.com Mrs Doyles agus Fr Teds sa Mhuileann Lch 4 Ag ullmhú don agóid Tá múinteoirí agus daltaí Scoil Náisiúnta Réidh na nDoirí ullamh chun aghaidh a thabhairt ar agóid ar son na scoileanna beaga i gCorcaigh Dé Domhnaigh seo chugainn! An bhfuil tusa ullamh? Beidh na sluaite ag bailiú ag Páirc Uí Chaoimh i gCorcaigh Dé Domhnaigh (18-3-12) roimh an roimh chluichí an lae, le Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar an nGaillimh san iomáint agus na peileadóirí ag tabhairt faoina sean-naimhde ó Chiarraí níos déanaí.’ Níl ann ach ceist ama go gcaillfidh scoileanna beaga i Múscraí agus ar fud na tíre múinteoirí má chuirtear na ciorruithe atá á moladh ag an Aire Oideachais i bhfeidhm. Má tharlaíonn sin i scoileanna ar nós SN Réidh na nDoirí, beidh todhchaí na scoile féin in amhras. Tá breis eolais ar www.sons.ie agus ar www. imuscrai.com. Pupils, parents and teachers are preparing for a protest against proposed cuts in the pupil teacher ratio and possible school closures. e demontration is to be held before the Cork V Kerry match in Páirc Uí Chaoimh next Sunday from 12 midday. Garret Eklof agus Éibhlín Uí Shuibhne, na múinteoirí ag SN Réidh na nDoirí, agus a ndaltaí Meitheal teanga i mbun oibre Tá Meitheal Teanga Mhúscraí le teacht le chéile an tseachtain seo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin don Ghaeltacht seo agus iarrachtaí á dhéanamh an teanga a chur chun cinn go háítiúil agus go náisiúnta. Reáchtáil an Comharchu- mann sraith cruinnithe ar fud Mhúscraí le tamall anuas agus beidh ionadaithe ó na ceantair éagsúla páirteach sa Mheitheal. Is é an cúram a bheidh ar an Mei- theal plean teanga cuimsitheach a chur in áit do Mhúscraí, plean a chuirfidh go mór le labhairt na Gaeilge sa cheantar Gaeltachta seo. Faoi láthair tá Bille Gaeltach- ta á ullmhú le cur ós comhair an Oireachtais roimh an tSam- hraidh. De réir an méid atá á thu- airisciú faoin mBille seo tuigtear go mbeidh critéir nua á n-úsáid feasta chun tomhas an bhfuil stá- das Gaeltachta agus na buntáistí a ghabhann leis ag ceantar nó nach bhfuil. As seo amach is de réir critéir teanga - an méid dao- ine in aon cheantar a labhraíonn Ghaeilge go laethúil - seachas de réir critéir tír-eolaíochta a aire- ofar ceantar ina Ghaeltacht nó a mhalairt. Le cinntiú nach gcaillfidh Múscraí an stádas Gaeltachta - a bhronnann go leor bun- táistí orainn ar nós tacaíocht an Údaráis d’iontair áitiúla - beidh an Meitheal Teanga ag díriú ar phlean a chuirfidh go mór le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa phobal anseo. Beidh an Meitheal Teanga ag iarraidh labhairt le grúpaí agus coistí áitiúla le com- hoibriú a dhéanamh leo ar na bealaí ar féidir tacú leo ina gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a úsáid níos mó. Díreofar ar spriocghrúpaí éag- súla sa phobal lena gcuid riachta- naisí siúd a aithint agus beartú le chéile leo ar an mbealach is fearr chun tosaigh. Beidh an chéad chruinniú ag an Meitheal ar an Déardaoin, 15ú Márta, in Ós- tán Ghobnatan ag 8in. Beidh tuairiscí rialta in iMúscraí faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Meitheal. A language working group for Múscraí will hold its first meeting this week to discuss ways of meeting the challenges of promoting the use of Irish in the Gaeltacht. At present legislation is be- ing prepared with the aim of redefining Gaeltacht areas ac- cording to language criteria as opposed to geographic Múscraí depends to a large extent on Gaeltacht status and it is vitally important for the future that we act now to coun- ter and reverse any erosion of Irish in Múscraí. Tá ag eirí go han mhaith leis an Aonach Pobail a bhíonn ar bun i gCúil Aodha ar an Domhnach deireannach de gach mí. Anois tá sé i gceist margadh a reáchtáil i mBaile Mhúirne. Dé Domhnaigh 1 Aibreán dáta an mhargaidh seo agus beidh sé ar siúl in Óstán Ghobnatan tar éis an dara Aifreann i mBaile Mhúirne. Beidh an ghnath mhargadh ar siúl i gCúil Aodha ar an 26ú Márta. Fearfar fáilte roimh dhíoltóirí ar mhaith leo a gcuid ear- raí a dhíol ag na margaí, go hairithe lucht díolta glasraí agus a leithéid. Bionn costas bheag - €5 - ar bhord ag an margadh. ere will be a community market in the Abbey Hotel in Ballyvourney aſter Mass on 1 April. Sellers welcome. Aonach phobail i mBaile Mhúirne Beannachtaí na Féile Pádraig ó An bhfuil tú sa chlub ? léirigh do bhród, úsáid an Ghaeilge! Tuilleadh Eolais: Lch 6

iMúscraí

Embed Size (px)

DESCRIPTION

An eagrán is déanaí de iMúscraí - Uimhir 5. Beidh sé ar fáil go luath timpeall Mhúscraí - idir an dhá linn is féidir é a léamh anseo....

Citation preview

Page 1: iMúscraí

iMúscraíiMúscraíDé Luain 12 Márta 2012 http://www.imuscrai.com SAOR IN AISCENuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí

Chomharchumann Forbartha Mhúscraí

Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó LiatháinCúil AodhaCo. Chorcaí. Teil: 026 65781 085 8130777http://www.imuscrai.com

Mrs Doyles agus Fr Teds sa Mhuileann Lch 4

Ag ullmhú don agóid

Tá múinteoirí agus daltaí Scoil Náisiúnta Réidh na nDoirí ullamh chun aghaidh a thabhairt ar agóid ar son na scoileanna beaga i gCorcaigh Dé Domhnaigh seo chugainn! An bhfuil tusa ullamh?

Beidh na sluaite ag bailiú ag Páirc Uí Chaoimh i gCorcaigh Dé Domhnaigh (18-3-12) roimh an roimh chluichí an lae, le Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar an nGaillimh san iomáint agus na peileadóirí ag tabhairt faoina sean-naimhde ó Chiarraí níos déanaí.’ Níl ann ach ceist ama go gcaillfidh scoileanna beaga i Múscraí agus ar fud na tíre múinteoirí má chuirtear na ciorruithe atá á moladh ag an Aire Oideachais i bhfeidhm. Má tharlaíonn sin i scoileanna ar nós SN Réidh na nDoirí, beidh todhchaí na scoile féin in amhras. Tá breis eolais ar www.sons.ie agus ar www.imuscrai.com.

Pupils, parents and teachers are preparing for a protest against proposed cuts in the pupil teacher ratio and possible school closures. The demontration is to be held before the Cork V Kerry match in Páirc Uí Chaoimh next Sunday from 12 midday. Garret Eklof agus Éibhlín Uí Shuibhne, na múinteoirí ag SN Réidh na nDoirí, agus a ndaltaí

Meitheal teanga i mbun oibreTá Meitheal Teanga Mhúscraí le teacht le chéile an tseachtain seo chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin don Ghaeltacht seo agus iarrachtaí á dhéanamh an teanga a chur chun cinn go háítiúil agus go náisiúnta.

Reáchtáil an Comharchu-mann sraith cruinnithe ar fud Mhúscraí le tamall anuas agus beidh ionadaithe ó na ceantair éagsúla páirteach sa Mheitheal. Is é an cúram a bheidh ar an Mei-theal plean teanga cuimsitheach a chur in áit do Mhúscraí, plean a chuirfidh go mór le labhairt na Gaeilge sa cheantar Gaeltachta seo.

Faoi láthair tá Bille Gaeltach-ta á ullmhú le cur ós comhair

an Oireachtais roimh an tSam-hraidh. De réir an méid atá á thu-airisciú faoin mBille seo tuigtear go mbeidh critéir nua á n-úsáid feasta chun tomhas an bhfuil stá-das Gaeltachta agus na buntáistí a ghabhann leis ag ceantar nó nach bhfuil. As seo amach is de réir critéir teanga - an méid dao-ine in aon cheantar a labhraíonn Ghaeilge go laethúil - seachas de réir critéir tír-eolaíochta a aire-ofar ceantar ina Ghaeltacht nó a mhalairt.

Le cinntiú nach gcaillfidh Múscraí an stádas Gaeltachta - a bhronnann go leor bun-táistí orainn ar nós tacaíocht an Údaráis d’fhiontair áitiúla - beidh an Meitheal Teanga ag díriú ar

phlean a chuirfidh go mór le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa phobal anseo. Beidh an Meitheal Teanga ag iarraidh labhairt le grúpaí agus coistí áitiúla le com-hoibriú a dhéanamh leo ar na bealaí ar féidir tacú leo ina gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a úsáid níos mó.

Díreofar ar spriocghrúpaí éag-súla sa phobal lena gcuid riachta-naisí siúd a aithint agus beartú le chéile leo ar an mbealach is fearr chun tosaigh. Beidh an chéad chruinniú ag an Meitheal ar an Déardaoin, 15ú Márta, in Ós-tán Ghobnatan ag 8in. Beidh tuairiscí rialta in iMúscraí faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Meitheal.

A language working group for Múscraí will hold its first meeting this week to discuss ways of meeting the challenges of promoting the use of Irish in the Gaeltacht. At present legislation is be-ing prepared with the aim of redefining Gaeltacht areas ac-cording to language criteria as opposed to geographic Múscraí depends to a large extent on Gaeltacht status and it is vitally important for the future that we act now to coun-ter and reverse any erosion of Irish in Múscraí.

Tá ag eirí go han mhaith leis an Aonach Pobail a bhíonn ar bun i gCúil Aodha ar an Domhnach deireannach de gach mí. Anois tá sé i gceist margadh a reáchtáil i mBaile Mhúirne. Dé Domhnaigh 1 Aibreán dáta an mhargaidh seo agus beidh sé ar siúl in Óstán Ghobnatan tar éis an dara Aifreann i mBaile Mhúirne. Beidh an ghnath mhargadh ar siúl i gCúil Aodha ar an 26ú Márta. Fearfar fáilte roimh dhíoltóirí ar mhaith leo a gcuid ear-raí a dhíol ag na margaí, go hairithe lucht díolta glasraí agus a leithéid. Bionn costas bheag - €5 - ar bhord ag an margadh.

There will be a community market in the Abbey Hotel in Ballyvourney after Mass on 1 April. Sellers welcome.

Aonach phobail i mBaile Mhúirne

Beannachtaí na Féile Pádraig ó

An bhfuil tú sa chlub ?léirigh do bhród, úsáid an Ghaeilge!Tuilleadh Eolais: Lch 6

Page 2: iMúscraí

Comhabhair atá aimsithe go háitiúil i gCúige Mumhan, ta-ithí na nglún agus tiomantas chun an táirge is fearr a chur ar fáil - is é sin an t-oideas atá Putóga Teo ag brath air chun sciar suntasach de mhargadh na bputóg a aimsiú.

Le cabhair ó Údarás na Gaeltachta, tá an comhlacht nua tar eis lonnú in Aonad 6 de chuid an Údaráis ar Eas-tát Gnó Bhaile Mhúirne, Co. Chorcaí.

Is iad putóga dubha agus bána do mhargadh na hÉire-ann a bheidh á dtairgeadh ag an gcomhlacht seo. Is iad Jim-my Allen (ó Bhaile Mhúirne) agus Anthony Staunton príomhaithe an comhlachta.

Meastar go mbeidh thart ar ochtar fostaithe go lán-aimseartha sa chomhlacht nuair atá sé faoi lán tseoil. Beidh deiseanna fostaíochta á gcur ar fáil ag an gcomhlacht d’obrithe táirgíochta agus ri-aracháin. Beidh an proiséis earcaíochta á thosnú ag an comhlacht amach anseo.

Ta an comhlacht i mbun oibre in Aonad 6 de chuid an Údaráis ar Eastát Gnó Bhaile Mhúirne le cúpla seachtain anois.

Tá siad i mbun trealaimh agus córas táirgíochta a in-sealbhú le tamall agus ní fada go mbeidh siad ag dáileadh na bputóg.

Beidh Putóga ar fáil faoin lipéad ‘Putóga De Róiste’ agus seolfar an táirge nua gan mhoill.

“Táimid ag obair ar seo le dhá bhliain,” arsa Jimmy Al-len, Stiúrthóir Bainistíochta

an chomhlachta. “Beimid ar cheann de

dhornán beag putóga ar an margadh a bhaineann úsáid as fuil úr ó mhuca Éireanna-cha faoi cheadúnas ón Roinn Talmhaíochta.

“Agus beimid ábalta a rá go lánchinnte cad as a thagann ábhar na bputóg!”

Aithníonn Anthony agus Jimmy go bhfuil cúinsí eacna-maíochta deacair a dhóthain - ach tá siad muiníneach as an táirge. “Creidimidgo mbeidh ár bputóga chun tosaigh ar an slua de bharr ardchaighdeán na n-ábhar agus an paisean, an taithí agus an saineolas a bheidh á thabhairt againn don togra,” arsa Anthony.

Ghabh an beirt buíochasó chroí le hÚdarás na Gael-

tachta, an fhoireann áitiúil, Dónal Ó Liatháin agus Rachel Ní Riada, go háirithe agus go leor eile go háitiúil a thug tacaíocht dóibh an togra seo a chur i gcrích.

Laistigh de chúpla seachtain beidh na putóga á seoladh go hoifigiúil agus ní fada go mbeidh siad á mblaiseadh againn am bricfeasta. Home sourced ingredients, gen-erations of expertise and a dedi-cation to creating a top quality product. This is the recipe for success of Ireland’s newest black and white puddings, De Róiste Puddings, which will shortly be making their way from Baile Mhúirne to your kitchen.

De Róiste puddings will be one of the few products to use

fresh pork blood licensed by the Department of Agriculture. ‘Two years of intense prepara-tion have gone into getting our products this far,” said Jimmy Allen, the company’s found-ing partner alongside Anthony Staunton from Timoleague in west Cork.

The company, Putóga Teo, hopes to employ at least 8 people at its plant in the Údarás estate in Baile Mhúirne.

The company received sup-port from Údarás na Gael-tachta, for which Anthony and Jimmy are most grateful. “It has to be said that of all the agen-cies who helped us realise our dream, Údarás na Gaeltachta stands out for their efforts,” Jimmy said.

Nuacht Dé hAoine 9 MártaiMúscraí2

Anthony Staunton, Declan Allen agus Jimmy Allen: Putóga Teo.

Lars Edman agus a chomhleacaithe ag AFL Teo.

Poist i bPutógaÚdarás na Gaeltachta

An bhfuil sé sa cheann agat gnó a bhunú i 2012?Tóg an chéad chéim! Cláraigh anois:

Clinic Gnó ar an Luan 2 Aibreán idir 3-7i.n (Táille: saor in aisce)

Má tá smaoineamh gnó agat b’fhéidir go mbeadh An tÚdarás in ann cabhrú leat é a fhorbairt. Chun coinne a dhéanamh chun do thogra a phlé déan teagmháil leis an oifig le do thoil.

Cúrsa Tosnaigh do Ghnó Féin (8 seisiún) ag tosnú ar an Máirt 17 Aibreán i mBaile Bhuirne (Táille €50)

Cúrsa é seo atá dírithe ar dhaoine gur suim leo gnó a bhunú. Rithfear an cúrsa seo thar ceithre seachtaine gach tráthnóna Dé Máirt (7-10) agus maidin Dé Sathairn (10-1).

Thinking of starting a busi-ness in 2012?Take the first step! Register Now:

Business Clinic, Monday 2 April 3-7pm (Cost: Free)

If you have a business idea Údarás na Gaeltachta may be able to assist you. To arrange an appointment to discuss your idea, please contact the office.

Start Your Own Business (8 sessions) starting Tuesday 17 April in Baile Bhuirne (Cost €50)

This course is aimed at those wishing to start their own business. The course will run over four weeks on Tuesday evenings (7-10) and Saturday mornings (10-1).

___________________Údarás na GaeltachtaBaile Mhic Íre, Co. ChorcaíFón/Tel. 026 -45366 [email protected]

Comhlacht nua i gCill na MartraLe cabhair ó Údarás na Gael-tachta, tá an comhlacht nua AFL Ríomhairí Teo tar eis lonnú i gCill na Martra le for-bairt a dhéanamh ar ghnó na seirbhísí ríomhaireachta.

Beidh an comhlacht ag cur seirbhísí uasghrádaithe teicniú-la, deisiúcháin agus cothabhála ar fáil do chustaiméirí táirgí ríomhaireachta ‘Apple’.

Is é Lars Edman príomhaí an chomhlachta. Tá saineolas aige ar na táirgí seo agus le seirbhísí taca ar fáil do chustaiméirí Ap-ple le os cionn 10 mbliana tríd an gcomhlacht PAH Ltd (atá ag trádáil faoin ainm Etek Compo-nents).

Tá forbairt suntasach tagtha ar an éileamh sa mhargadh le bliain anuas agus dá bharr san

tá sé beartaithe ag an bpríomhaí comhlacht nua a bhunú leis an ngnó seo a rith.

Beidh an comhlacht nua dírithe go hiomlán ar táirgí Ap-ple leis an gcomhlacht PAH Ltd ag freastal ar ríomhairí de gach cinéal seachas Apple.

Beidh an comhlacht nua lonnaithe i bhfoirgneamh an phríomhaí i gCill na Martra. Meastar go mbeidh thart ar deichniúr fostaithe go lán-aim-seartha sa chomhlacht nuair atá sé faoi lán tseoil. Tá an proiséas earcaíochta tosnaithe acu agus tá teicneoirí ríomhaireachta á earcú acu faoi láthair.

Is é www.apple4less.com a suíomh agus tá nasc ansin le haghaidh stór ‘Ebay’ an chom-hlachta.

Page 3: iMúscraí

NuachtDé Luain 12 Márta 2012 iMúscraí 3

A Phádraig aspál príomháidh Ghael

Thug an creideamh chughainn thar mhuir

Grásta Dé mar thabharthas dúinn

Aiseirí fé Ghlóir mar oidhreacht

An tine a lasais cois na BóinneAr Chnoc Shláine, cnoc na

ndruadhLonnraigh solas ar fuaid Éire-

annSolas Críost le teacht na Cásca

Mar an fhearainn bhog thar thriú-chaibh

Nó an drúcht fén ngréin ar maidin

Nó an fharraig-chath ar dhuirling

Dáileadh grástaí ós na flaithis

Thugais slán sinne led naofachtTreasna duibheagán na staireAisce, a Phádraig, Príomháidh

ÉireannTreoraigh sinn tre ré an rach-

mais

Tusa bheannaigh ár ngleannta míne

Gach tobar, abhainn, sruthán is caise

Ár sléibhte maorga na mbeann mbán

Múrtha fáilte i lár an Earraigh.

Lón intinne ag ImbolcComhdháil spreagúil san Ionad CultúrthaBhí ceannródaithe, fiontraithe agus daoine spreagúla ó gach réimse oi-bre i láthair ag an tríú Féile Imbolc san Ionad Cultúrtha Dé Sathairn 18 Feabhra. Ina measc bhí an ceoltóir clúiteach spreagúil Liam Ó Maon-laí, a bhí i mbun ceoil san Ionad an oíche roimhe, agus ar an lá féin thug sé léargas pearsanta dúinn faoina shaol, na foinsí inspioráide atá aige, agus tionchar a athar ach go háirithe ar a dhearcadh féin.

Tá sé mar sprioc ag an bhféile Gaeilgeoirí móra a bhailiú le lón intinne agus ábhar machnaimh a thabhairt don lucht féachana, agus bhí sin ann agus a thuilleadh leis.

Mhínigh Diarmaid de Búrca, iarchéimí sa réaltfhisic, rabhcháin réaltacha na bpulsár agus leis ar stáitse bhí Feargal Ó Móráin atá ina chathaoirleach le Fiontraíocht Éireann ag caint ar thaighde, fhor-bairt agus ar an nuálaíocht.

Ceann de na cainteanna ba shultmhara a bhí ann ná an taispeántas ón sléibhteoir Darach Ó Murchú, a léirigh dúshláin is iontaí a shlí bheatha le híomhánna áille ó bheanna ar fud an domhain, na Himalia san áireamh.

Ghlac Úna Ó Boyle seilbh ar an stáitse ar fad nuair a leag sí amach cláir fhichille ar an urlár chun taispeáint dúinn cé chomh

Rinceoirí óga Mhúscraí: Reáchtáil an Comharchumann ceardlann rince ar an sean nós leis an rinceoir, Triona Mangan, le déanaí. Tá sé i gceist sraith ceardlannaí rínce ar an sean nós a reáchtáil ag tosnú ar an Máirt, 17 Aibreán, 6.30in-7.30in. Costas €5 an seisiún. Tá 20 spás ar fáil. Má tá spéis agaibh ann, dein teagmháil linn: 02665781/0858130777 chomh luath agus is féidir.

Faigheann Comharchumann Forbartha Mhúscraí tacaíocht ó:

tairbheach is atá an cluiche ársa seo do leanaí óga, é á thabhairt nósanna dóibh a chabhraíonn leo ina saol lasmuigh den scoil féin. Ina chaint féin dhírigh Peadar Ó Riada isteach ar nósanna eile ár linne, é á chur go neamhbhalbh os ár gcom-hair na roghanna atá ag teastáil uainn mar shochaí. Óráid dhomhain leathan a bhí aige, agus ábhar mach-naimh dúinn go léir a bhí ar fáil ann.

Bhí sé follasach le líne a sheala ar an stáitse gur

duine cruthaitheach ab ea Eoghan mac Giolla Bríde, a thug idir caint is dráma dúinn a bhí bunaithe ar cheann dá ghearrscéalta féin, agus ó shin bhuaigh Eoghan an Michael Dwyer Discovery Award dá scan-nán “Silence”, a bhí a chéad taibhiú aige le linn an Jame-son Dublin International Film Festival.

Tugadh an t-ainm ‘Im-bolc’ ar an ócáid mar go dtagann spriocanna an tionóil leis an gcoincheap siombalach taobh thiar den fhéile Cheilteach sin. Ceiliúrann an fhéile na ru-daí a fhásann san earrach tar éis iad a bheith dorcha rúnda faoin talamh i rith an gheimhridh, agus mar an gcéanna leis na smaointe úra a nochtadh ar an lá.

Beidh an deis ag gach aon duine a bhfuil rochtain acu ar an idirlín blas a fháil ar an ócáid mar rinneadh taifeadadh ar na cainteanna agus cuirfear ar fáil níos dé-anaí sa bhliain iad ar www.imbolc.ie.

Tuairisc: Tomás Ó hAodha

Tá www.litríocht.com ag tabhairt lascaine 10% ar gach ordú i rith Seachtain na Gaeilge 2012 ón 5ú go dtí an 17ú Márta. Tá idir r-leabhair, leabhair athláimhe, leabhair as cló agus leabhair nua againn mar aon le breis is míle leabhar do pháistí.Na trí leabhair is mó éilimh dár gcuid ná ‘Fiche Blian ag Fás’, ‘Ecstasy agus Scéalta eile’ agus ‘Gafa’. I measc na leabhar nua atá ar fáil tá ‘Sean, Nua agus Síoraíocht’ Féilscríbhinn in ómós do Dháithí Ó hÓgáin a foilsíodh i mbliana.Tá r-leabhar nua foilsithe ag cló litríocht, ‘Údarás na Gaeltachta, An Lár agus an tImeall, Léargas Eatramhach’, agus leabhar dánta agus amhráin foilsithe acu chomh maith dar teideal ‘Gleanntán an Aoibhnis’ le Seán Ó Muimhneacháin.Téir go dtí www.litriocht.com anois chun do leabhar a ordú agus leas a bhaint as an lascaine 10%.

Liam Ó Maonlaí

Pádraig, Príomháidh Gaelle Dónal Ó Liatháin

Page 4: iMúscraí

4 Pobal Mhúscraí iMúscraí Dé Luain 12 Márta 2012

Foireann faoi 14 Bhéal Átha’n Ghaorthaidh - ar a bronnadh boinn le déanaí. Sa phictiúr freisin tá Paddy Kelly, duine de pheileadóirí Chorcaí. Grianghraf le Nóirín Uí Thuama

Buaiteoirí Tráth na gCeist Chlub Óige Bhéal Átha’n Ghaorthaidh. Bhuaigh siad dearbhán don Bantry Driving Academy: Karen Ní Loingsigh, Maryann Ní Chroinín & Caoimhe Ní Dhuinnín. Grianghraf le Nóirín Uí Thuama

“Fr Ted” in éineacht le ‘hábhair sagart’ ag an oíche ‘Fr Ted’ a reáchtáladh sa Mhuileann le déanaí. Bailíodh isteach is amach le €2000 d’Oispís Marymount ar an oíche. Grianghraf le Cathal Twomey

Clodagh Ní Dhuinnín, Ali Ní Luasa, Muireann Ní Argain & Julie Ní Choinceannáin ag féachaint go hálainn tar éis an chóineartaithe i Béal Átha’n Ghaorthaidh Grianghraf le Nóirín Uí Thuama

Rónán Ó Loingsigh agus a athair Johnny i dteannta le peileadóir Chorcaí, Paddy Kelly, ag ócáid bronn-ta na mbonn d’fhoireann faoi 14 Bhéal Átha’n Ghaorthaidh in Áras CLG an Chumainn le déanaí Gri-anghraf: Nóirín Uí Thuama.

Roghnóirí, Seán Ó Laoire & Peadar Ó Críodáin, in éineacht le captaen fhoireann Sóisir B Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, Liam Ó Cróinín le duaiseanna breátha na sraithe a bhuaigh siad anuraidh.

Grianghraf le Nóirín Uí Thuama

Shannon Ní Mhurchú (Cumann Tae Kwon Do Átha an Chóiste), Diarmuid Mac Suibhne (Cumann Tae Kwon Do Bhaile Mhúirne agus Peigí Nic Suibhne (Cumann Tae Kwon Do Bhaile Mhúirne) ag Craobh Tae Kwon Do Alba le déanaí. D’éirigh thar barr leo ann, mar is léir. Bíonn ranganna Tae Kwon Do i Halla na Scoile, Baile Mhúirne, gach Aoine idir 6.45in agus 9in.

Bítearag fánúint ar dhuine le cupán tae a thabhairt duit ar feadh scaithimh agus ansan tagann an slua acu le chéile. Slua mór ‘Mrs Doyle’ ag oíche Fr Ted. Griangraf le Cathal Twomey

Page 5: iMúscraí

5iMúscraíDé Luain 12 Márta 2012 Pobal Mhúscraí

Thosaigh an Dáimh Fuinnimh in 2009, an Dáimh is déanaí ag Ac-adamh Fódhla (www.acadamh-fodhla.ie)

Déanaimid staidéar ar fhuin-neamh i ngach crot. Ní hamháin go bhfuil na gnáth tuiscintí fuinnimh ar nós fuinneamh meicniúil is eib-hléise srl ach bíonn ábhair ar nós fuinneamh beatha, nó fuinneamh i gceol, abair, nó fuinneamh spio-radálta, á scrudú chomh maith.

Chuireamar tús le tograí praiticiúla, ina measc an ‘teach glas’ i nGaeltacht Mhúscraí. Bhío-mar ag bailiú eolais ar úsáid na tei-cneolaíochta nua sa cheantar seo, ar insliú agus caomhnú teasa, agus ar na féidearthachtaí atá réadúil dúinn anseo.

Ach anois ba mhaith linn díriú isteach ar ábhair eile, ina measc, fuinneamh an choirp. Beidh

seisiún eolais againn sa Mhuileann i mBaile Mhúirne ar 21 Márta @ 7.30 in.

Beimid ag roinnt eolais ar hoi-méapaite agus beidh hoiméapait ag caint ann freisin. Tá sé oiriún-ach do dhaoine nach bhfuil aon eolas acu ar chonas mar a oibríonn sí. Ach ba mhaith linn cuireadh speisialta a thabhairt do dhaoine atá á húsáid faoi láthair freisin agus beimid ag foghlaim óna chéile. Beidh an seisiún sin dátheangach.

Beidh Gerald Culhane ó Cor-nacopia, Maigh Chromtha i láthair freisin ag labhairt faoi snáthaidpholladh(acupuncture)agus Leigheas Síneach.

Tá fáilte roimh chách iad féin a chur chun cinn don Dáimh. Bíonn an Dáimh Fuinnimh ag iarraidh bualadh le cheile gach Máirt sa Mhuileann.

Tuilleadh eolais ó Caroline No-lan 085 1632772

Roimh gach seisiún den Dáimh Fuinnimh déantar an dán seo a aithris mar chomhartha go bhfuil an Dáimh anois i mbun oibre. An Dáimh Fuinnimh

Mise scoláire léinn is eagnaSean-nós mo shlíIs é an neart mo bhachallIs í an sruth mo shlatGach gníomh ‘na choiligh sheasamh.Gach scéal go h-eiribeal siar.Mór mo ghrádha do nithe ársaÁrd mo mheas ar aois agus críon-nachtGéar mo radharc ar sruth an ama.Mín mo mheilt ar nithe nuaDia im chumadach faoi bhrat na fírinneUmhal mo mhian faoi smacht mo chéird is dámh.

Seisiún eolais faoin Leigheas SíneachSeisiún eolais ar Hoiméapaite agus

Leigheas Síneach Bilingual information session on homeopathy

& Chinese medicine

le Síle Uí Chróinín, Gerald Culhane, (Macroom Clinic of Chinese Medicine) agus Geraldine Sharkey (Homeopath) agus daoine eile ón gceantar le taithí pearsanta ar an ábhar seo acu.

21 - 03 - 12An Muileann @7.30pm

Fáilte roimh chách Introductory session, all welcome

Suíomh nua idirlínag Scoil Mhuire

Tá sceideal lán ag daltaí agus foireann teagaisc Scoil Mhuire i mBéal Átha’n Ghaorthaidh le déanaí. Idir bheith ag taisteal ar fud na tíre agus ag ullmhú suímh idirlín nua don scoil, is léir go bhfuil siad an-ghnóthach ar fad. Seo tuairisc na ndaltaí ón gcéad agus an dara bliain ar a dturas scoile le déanaí. Is féidir teacht ar shuíomh idirlín na scoile ag www.scoilmhuirebg.ie.

Chuaigh Bliain 1 agus 2 ar thuras scoile go Baile Átha Cliath ar an Aoine 3 Feabhra 2012. Bhí lá an-ghnóthach acu le sceideal iontach imeachtaí. Chuaigh Bliain 1 go dtí an Chúirt Uachtarach agus Príosún Wheatfield ‘s dhein Bliain 2 scíáil i gCill Tiarnáin chomh maith le turas go Zú Átha Cliath.Tús an luath ba ea an teacht le chéile ag geataí Scoil Mhuire ag 4.45r.n. Bhí gach éinne in ard-ghiúmar ag an am sin ar maidin! Thaisteal an grúpa go Corcaigh ar dtús do thraein 6.15r.n. go Baile Átha Cliath. Bhuail bus príob-háideach leo ag Stáisiún Heuston ‘s d’imíodar go dtí na háiteanna difriúla.Chaith Bliain 1 an mhaidin sa Chúirt Uachtarach, d’fhoglaimíodar faoi obair na cúirte ‘s chonaiceadar píosa de chás a bhí comhair na cúirte. Chuadar go Príosún Wheatfield san iarnóin. Chonaiceadar na cealla ‘s labhair príosúnaí leo. Thángadar ar ais go lár na cathrach níos déanaí chun bualadh le Bliain 2 arís. Bhí an-mhaidin ar fad ag Bliain 2 ag scíáil i gCill Tiarnáin. Thit gach éinne acu (roinnt daoine cúpla uair, ach ní déarfaimid cérbh iad..!) sular chuadar i dtaithí air. Bhain gach éinne sult mór as ‘s táid ag súil le dul ar ais am éigin. Bhí an-thráthnóna acu i Zú Átha Cliath sular imíodar ar ais go lár na cathrach chun bualadh le Bliain 1 arís agus roinnt siopadóireachta a dhéanamh. Bhíodar ar ais i mBéal Átha’n Gha-orthaidh ag 11i.n.

Scoláirí ag scíáil - Bliain 2 ar na fánaí i gCill Thiarnáin Daltaí Bliain a hAon ós comhair na gCúirteanna

Thug daltaí na chéad bhliana cuairt ar an UachtaránGrúpa ón dara bliain ag an Zú i mBaile Átha Cliath

Page 6: iMúscraí

6 Dé Luain 12 Márta 2012iMúscraíNuacht an Chomharchumainn

Tá go leor údair ag daoine cu-airt a thabhairt ar Mhúscraí - níl sarú na radharcanna nó an phobail le fáil.

Ach is í an Ghaoluinn ár seod is gile agus is lonnraí.

Ag caint a thug Cathao-irleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin, roimh Nollaig, agus é ag trácht ar a cheantar féin, Gleann Cholmcille, mhí-nigh sé an bealach ar bhain sé úsáid as an teanga chun beatha nua arís a chur i saol an pho-bail Ghaeltacht in iar dheisceart Thír Chonaill.

Thosnaigh sé Oideas Gael i 1984 le cúrsa do 34 foghlaimeoir fásta. Bhain siad úsáid as acmhainni áitiúla agus ó shin i leith tá fás tagtha ar an líon daoine atá ag tabhairt aghaidh ar an bparóiste beag ar an gcósta. Anuraidh bhí breis

is 1400 ag freastal ar réimse lea-than cúrsaí. Is fiú €350,000 an méid sin do Oideas Gael - ach is fiú €1.2m don cheantar an turasóireacht teanga seo.

An plean atá ag an gComhar-chumann ná go gcuirfear tús le saoirí teanga do theaghlaigh i Múscraí an samhradh seo.

Tá sé i gceist dhá shaoire seachtaine a reáchtáil i mí Lú-nasa, idir 14-20 Lúnasa agus 21 agus 27ú Lúnasa.

Thart ar an ama seo beidh campaí Samhraidh á reachtáil ag an gComharchumann agus freisin beidh coistí áitiúla ag ea-grú na dtaispeántas áitiúil. Tá sé i gceist go mbeadh na cúrsaí teanga a bheidh á reáchtáíl ag an gComharchumann ag tapú na deiseanna a eiríonn as na nithe sin.

Nuair a thagann teaghlach

ar cuairt anseo, beidh loistín ar fáil dóibh go háitiúil, bíodh sé le teaghlach nó i dtigh ar chíos nó in óstán nó loistín leaba agus bricfeasta, ag brath ar a rogha féin.

Beidh an Comharchumann ag lorg soláthraithe loistín ó ar fud Mhúscraí chun a bheith páirteach san obair seo.

Gach maidin beidh ranganna Gaeilge ann do na tuismitheoirí agus beidh na páistí ag freastal ar na campaí samhraidh in éineacht le páistí ón gceantar.

San iarnóin beidh sraith imeachtaí ann don teaghlach ar fad - cuairteanna treoraithe ar shuímh éagsúla i Múscraí - Gúgán Barra mar shampla.

Agus istoiche beidh siam-saíocht ar fáil sna tábhairní agus ionaid áítiúla eile do na tu-ismitheoirí agus cuirfear seirb-

hís feidhlí leanaí ar fáil chun aire a thabhairt do na páistí más gá.

Ar an deireadh seachtaine 18-20 Lúnasa a reáchtáilfear an fhéile filíochta faoin sár fhile Mhúscraíoch, Seán Ó Riordáin. Beidh léachtaí, léamha filiochta agus taispeantais eile spreagtha ag an Riordánach mar chuid den bhféile seo.

Chun é seo go léir a chur ar bun beidh meitheal ag teastáil. Chuige sin tá cuireadh oscailte do dhaoine le suim i gcúrsaí turasóireachta teacht go cruin-niú in Óstán Ghobnatan ar an 22ú Márta ag 8in. Má tá suim agatsa san tionscnamh seo agus má tá tuairimí agat, beidh an -áthas orainn cloisteáil uait. Déan teagmháíl le 026 65781 nó ar r-phost ag [email protected]

Céim chun cínn i dtreo turasóireacht teanga

An bhfuil tú ag léiriú do bhród?

Cúrsa oiliúna do lucht gnó

Amchlár an bhainisteora

Tá sraith spéisiúil tar éis tosnú ar RTÉ le déanaí, Ber-nard Dunne’s Bród Club, agus an sprioc atá aige ná 100,000 duine le Gaeilge éi-gin acu a spreagadh chun í a úsáid arís.

Is cinnte go bhfuil dúsh-lán roimh an dhornálaí a bhuaigh craobh an domhain dornán de bhlianta ó shin - ach is cinnte go bhfuil sé ábalta don dúshlán seo.

Tá sé tar éis roinnt pearsa aitheanta - leithéidí Paul Mc-Grath, Ray Foley, Fiona Loo-ney agus, iontas na n-iontas, Kevin Myers - a earcú chun páirt a ghlacadh i Bród Club.

Is féidir liostáil sa chu-mann seo ag http://www.facebook.com/r tebrod-club. Ba mhaith an rud é go mbeadh go leor daoine ann ó Mhúscraí páirteach san iarracht seo!

Má tá sé sa cheann agat gnó nua a thosnú i mbliana, tá deis á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta freastal ar chúrsa oiliúna a bheidh ag tosnú an mhí seo chugainn i mBaile Mhúirne.

Tosnóidh an cúrsa le clin-ic gnó ar an Luan 2 Aibreán idir 3-7in in oifigí an Údaráis i mBaile Mhic Íre. Tosnóidh an cúrsa féin ar an Máírt, 17 Aibreán, agus beidh dhá sheisiún in aghaidh na seachtaine ar feadh ceithre seachtaine. €50 an táille ar seo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó oifigí an Údaráis ag 026 45942.

Bíonn Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir Chomharchu-mann Forbartha Mhúscraí, i láthair ag oifig na heagraíoch-ta san Ionad Óige i gCúil Aodha óna 9-5in Dé Luain, Déardaoin agus Dé hAoine de ghnáth.

Ar an Máirt, de ghnáth, bíonn sé i gCúil Aodha go dtí 1in agus ansan i gCois Cille i gCill na Martra óna 2in go dtí 4in. Ar an gCéadaoin bíonn sé i gCúil Aodha go dtí 1in agus i gCuan Barra i mBéal Átha’n Ghaorthaidh idir 2in-4in. Fáilte roimh gach éinne teacht chun cainte leis agus is féidir teacht air ag an uimhir fóin: 026 65781 nó ar an bh-fón póca:085 8130777.

l Gleann Colmcille earns €1.2m in 2011 from lan-guage tourism, attracts 1400 language learnersl Plan for similar project in Múscraí, aimed at fami-lies. Pilot projects: 14-20 August, 21-28 Augustl Activities include Seán Ó Riordáin festival l Meeting for interested parties, 22 March, 8pm Abbey Hotel Ballyvourney

Dul fé láimhEasbaig i mBéal Átha’n GhaorthaidhSeo iad Muintir Uí Argáin, na Curraithe in éineacht leis an Easbag, an Dr. Seán Ó Buachalla, tar éis an Choineartú i mBéal Átha’n Gha-orthaidh le déanaí. Bhí lá mór ag gach éinne ar an ocáid tabhachtach seo. Comhghairdeas le gach éinne a chuaigh fé láimh an Easbaig!

Page 7: iMúscraí

Gaoluinn MhúscraíiMúscraíDé hAoine 9 Márta 2012 7

Tá dáta do Dhimhscoil na bliana seo socraithe. Beidh sí ar siúl ar an Aoine, 25ú Bealtaine, in Ostán Ghobnatan ag 7.30in. An chéad Dámhscoil riamh, reáchtáladh é ar Dhomhnach Cincíse. Mar sin is fil-leadh ar na bpréamhacha é seo.

An CuireadhFáilte go Dámhscoil Mhúscraí 2012 Le Pádraig Ó

Fiannachta, UachtaránFáilte roimh baird éigsíní is filíChun Dámhscoil ghealgháireach MhúscraíVeidh lucht éisteachta léannta ag fáil ardú croíAgus fuascailt ón ngruaim seo is an ualach imníAtá ag bagairt gach sos ‘rainn ó mhaidin go hoich’.

Beidh deisbhéalaí na sean agus fuinneamh na n-ógAg spalpaireacht grinn agus ag sníomh na gceapógAg díbirt pus agus bréiolll ó bhéal is ó bheolAg tabhairt misnigh is dóchais in áít olagónIs ag cur lenár muinín i nDia is Muire mhór.

Beidh ceist ag an rúnaí le cur ós ár gcomhair Le súil go mbeadh réiteach ar chás na ndearói. Is ar cheann de na fadhba d’fhag lucht bainc is stóir

Ar an bpobal nár chiontach i gcalaois ná éagóir.

An CheistFear óg dár dtír ag leanúint CríostAspal ár n-aoise féinigBhí sa Chéinia cúpla míAch ba mhaith leis a shaol a chaitheamh annNí bhfuair se ach mar mheas sé gráAch na blianta thall anois caite aige – cé spreag an ráfla granaCé phioc suas é – RTÉShéan an sagart é – thug sé gach seansCad é an cruthú – ní éistfeadh RTÉChraoladh an scéal – bhí RTÉ cinnteBhí ar an sagart glanadh leis as a pharóiste dúchaisAch bhí dlíodóir amháin a sheas-fadh leisSan Ard Chúirt d’órdaigh an Príomh BreitheamhChuadar chun cúirte, mar Ó Conaill fadó, Is bhí an aturnae chomh maith leis aon lá Thug an Breitheamh de Valera a bhreith ar an gcásAgus bhí RTÉ sa dock aige in achar gearMo ghraidhn sibh a Athar, a Aturnae is a cháirde

Peadar Ó LiatháinAn Cléireach

Samhain 2011

Dáta socraithe do Dhámhscoil Mhúscraí

Stair Mhúscraí Uí FhloinnLe Dónal Ó hÉalaithe

Comórtais na míosaBa é Gearóid Mac Suibhne, Ceann Droma, Cill na Martra, buaiteoir an chomórtais an mhí seo caaite. B’é frea-gra na ceiste ná. Is í Naomh Ghobnait an naomh pátrún Múscraíoch a bhíonn a féile á ceiliúradh le linn mí Feabhra.

Go raibh maith agaibh as na h-iarratais ar fad. Seolfar a chóip de “Na Dánta” le Seán Ó Riordáin chuig Gearóid gan mhoill.

Ceist na míosa seo don duais céanna:Cén scoil ar a d’fhreastail Seán Ó

Riordáin agus é ag fás suas i mBaile Mhúirne? [email protected]

Deirdre Ní Dhrisceoil ó Bhéal Atha’n Ghaorthaidh isea buaiteoir an dluth cheirnín, Triúr Arís, ceol Pheadair Uí Riada á sheinnt ag an gcumadóir in éineacht le Martin Hayes agus Cao-imhín Ó Raghallaigh. Tá tu-illeadh eolais le fáil ar www.peadaroriada.ie. Táimid ana bhuíoch do Pheadar as an duais a urrú.

Dá abha mhór atá i Múscraí, Abha na Laoi agus Abha an tSuláin. Gluaiseann an Sulán soir comhthreomhar le hAb-ha na Laoi agus géilleann sí di san áit ina raibh an caisleán ag na Suibhnigh i Magh Seana Ghlais míle go leith de blianta ó shin. Tá foinse na Laoi thiar sa Ghúgán, agus gluaiseann sí trí a’ nGaothradh soir go Maigh Chromtha, taobh tíre atá lán le maitheasaí, de thorthúlacht, de ail-leacht agus de cheol an dúlra. Deilt isea an Gaothradh seo, deilt ná raibh agus ná fuil a leithéid ná a chomparáid le fáil in aon áit eile ar fud Mór Roinn na hEorpa. Luaitear an áit seo, dúthaigh an Ghaothraidh, san amhrán breá san, “Cois a’ Ghaothraidh”.

Cois a Ghaothraidh is breatha in Éirinn, a’s is áilne’r ab-hainn

Mil as céirbheach, torthaí ar ghéagaibh agus úbhla’r chrann

Do cloisfeadh aoinne, cantain éan ann, a bheadh míle ón mball

Cnó buí as caora, ar barraí géaga a fás go Samhain. Agus seo leanas mar a chuir an file, Gael na nGael síos

ar Abha an tSuláin a ritheann ó theora Chiarraí, lastiar de Chúil Aodha go Maigh Chromtha.

Is mín cluthmhar glasarach, fairsingeach, féarmharNa fearainn ar thaobhaibh, na h-abhann seo, rádhaimFé crainn dhuile glasa, gan feaca ná féige, Le meas ar a ngéagaibh go gcrapaid na mbarr,Bionn faoilinn ann, seabhaic, luin, creabhair agus naos-

gaigSeannaig agus méith phuic a’s láchain le fáil, As gach linn de go go barra, bionn torach, le h-éisgibhLeathan bhric méithe agus lathart bradán.

Ar uairbh na maidne dob aiteas leat éisteacht,Le gamhna a Gheimhridh go lachtmhar ar bán,Uain dubha agus geala, a’s ana cuid caorach,Agus capaill mear éasca, chun treabtha nó ráis,Mór mhairt á leagadh, mil-beach, ina chréithribh,Na heasaibh go glé geal go cantaireacht cháid,Agus níl rutaire ón nDaingean go fearannaibh DéiseachNá tagann á n-éileamh go hAbha an tSuláin.

Bhuel, b’é sin cur síos próis agus fileata ar radharcanna maiseacha Mhúscraí agus anois tugaimís stracfhéachaint ar chúrsaí staire i gceantar seo Múscraí.

É

Aodh - éÉinne - éingiDeirfiúr - driféarCaoi - caoFaoiseamh - faoshuvRéalt - réiltínBuíochas - baochas

e

Oibre - obiriMé - meDeichniúr - denhúrTinneas - tengusDoimhneas - dengus: “d” leathan cosúil le ‘the’ sa Bhéarla.

aAithris - ahirisDealg- dealagSearbh - searabhseachtai - seachdinábreá - breáMilseáin - mishleánTaispeáin - tiseáin

Gaelainn MhúscraíFocail leis an nguta ‘é’

Sna heagráin de iMúscraí as seo amach, beidh sleachtaí de stair Mhúscraí de réir mar atá scríofa ag Dónal Ó hÉalaithe, ar saoi é i nDáimh Staire Acadamh Fódhla, á fhoilsiú anseo. Beidh fáilte roimh dánta, aistí agus a leithéid ó scríbhneoirí eile an cheantair seo. Cuir glaoch ar: 026 65781/085 813077 nó cuir r-phost chuig [email protected]

Dómhnall Ó Loingsigh

Abha an tSuláin agus é ag sní trí Mhaigh Chromtha

Page 8: iMúscraí

Eolas/imeachtaí8 Dé Luain 12 Márta 2012iMúscraí

Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 よ

こそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎 ようこそPowitanie добро пожаловать אבה ךורב بيحرت Ongi etorri Deuet mat Croeso Bienvenida Benvinguda Fáilte Welcome Bienvenue a Wilkommen Benvunto 欢迎

Treoir é seo atá dírithe ar chuairteoirí go Múscraí agus is éard atá i gceist leis ná eolas riachtanach i leith lóistín, tábhairní agus bialanna, buaicphointí turasóireachta, imeachtaí agus eile á chur ar fáil. Beidh sé sa-

nuachtlitir seo go rialta agus cuirfear fáilte roimh eolas nua, leasuithe is eile. Ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn, 026 65781/085 8130777 [email protected]

This is a guide for visitors to Múscraí and it is intended to contain information relating to accomodation, local bars and restaurants, tourist attractions, events and more. It will be a regular feature of iMúscraí and, if you

wish to have your venue/event/location included in the guide, please contact 026 65781/085 8130777 or email [email protected]

Béal Átha’n Ghaorthaidh/BallingearyLóistín/Accommodation: Gougane Barra Hotel, www.gouganebarrahotel.com, 026 47069 (Dúnta i rith an Gheimhridh - closed during Winter)Tig Barra House, B&B, Gallery. 026 47016Buaicphointí Turasóireachta/Tourist Attractions:Loch Allua Tours Jerry O’Sullivan 0860887861 (weather permitting)Bia agus deoch- Food and Drink:Cronin’s Bar and Café, Gougane Barra 026 47031 (Dúnta i rith an Gheimhridh)Ard na Laoi, Pub, Béal Atha’n Ghaorthaidh, 026 47092Tig Seartan, Pub, Béal Atha’n Ghaorthaidh, 026 47072Na hEaspaig Bheaga Caifé, Béal Atha’n Ghaorthaidh 086 223 5085 Centra/Gniomhaireacht Phoist, Béal Atha’n Ghaorthaidh 026 47129.

Cill na Martra/Kilnamartyra - Reidh na nDoirí/ReinareeLóistín/Accommodation: An Cuasán, B&B, Cill na Martra 026 40018 Findus House, B&B, Cill na Martra, 026 40023Buaicphointí Turasóireachta/Tourism AttractionsPrince August Toy Soldier Factory, Visitor Centre, www.princeaugust.ie, 026 40222Coolavokig Pottery, N22 between Ballyvourney and Macroom, http://www.coolavokigpottery.com 026 40172/ 087-9184024Bia agus deoch/Food and DrinkAn Chrois, Pub, Cill na Martra, 026 40076Halfway House (Mons Bar), 026 40333Tig Uí Mhurchú, Pub, 026 40002

Cúil Aodha - CooleaLóistín/Accommodation: Bun a’ Bhaile, B&B, www.bunabhaile.ie, 026 45213Tír na Meala, B&B, http://www.tirnameala-coolea.com/ 026 45651Buaicphointí Turasóireachta/Tourism AttractionsComharchumann Forbartha Mhúscraí, Ionad Óige, 026 65781, www.imuscrai.comSeán Ó Riada statue, Séipéal Chúil AodhaCór Chúil Aodha, Stiúrthóír: Peadar Ó Riada. Mass at 10am, Sunday. Bia agus deoch/Food and DrinkTop of Coom, the Highest Pub in Ireland, 064 6685373

Baile Mhúirne/Ballyvourney- Baile Mhic Íre/BallymakeeraLóistín/Accommodation: Abbey Hotel Baile Mhúirne 026 45324, www.theabbeyhotel.ieThe Mills Inn/An Muileann, 026 45237, www.millsinn.ieWeston House, Baile Mhúirne, B&B, 026 45097Buaicphointí Turasóireachta - Tourist Attractions:Eas Coille Art Studio, Máire Ní Shúilleabháin 026 45155Abhainn Gharbh Art Studio, Pauline Dodds, 026 45212Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Centre for Traditional and Contempo-rary Arts, www.ionadculturtha.ie, 026 45733Fabulous Fabrics, http://www.thefabulousfabriccompany.ie/ 026 45235Lee Valley Walking, http://www.leevalleywalking.com/ 026 45642Bia agus Deoch/Food and DrinkAn Crúiscín Lán, Baile Mhic Íre 026 45537Tigh Uí Scanaill, Pub, 026 45079 Tigh Kebab Shani 026 65804

10 Márta - Buaiteoirí Chorn Uí Fhlannagáin agus Chorn Uí Loingsigh, Sean Keane. Ionad Cultúrtha 8.30in10 Márta - Rianta - Taispeantas Griangrafadóireachta le Máire Uí Léime, Tadhg Ó Conaill agus Fiona Ní Léime17 Márta - Lá le Pádraig - Paráid Bhéal Atha’n Ghaorthaidh tar éis Aifre-ann a 10rn.26 Márta - 10.45rn-11.30rn Aonach an Phobail, Halla Chúil Aodha 12 mean lae - 2in: Aonach an Phobail Ostán Ghobnatan30 Márta Coirm cheoil: James Kelly agus Arty McGlynn, Ionad Cultúrtha 8.30in. O26 45733

Imeachtaí-Events

For more information and updates: www.imuscrai.com Le haghaidh breis eolais agus nuashonraithe

Múscraí