2
Iml: 2 Eagrán 4 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 16 Feabhra 2007 SAN SAN EAGRÁN SEO: EAGRÁN SEO: 1. OLLCHÓIRIÚ AR MHÚINEADH NA GAEILGE Á ÉILEAMH AG UACHTARÁN AN CHONARTHA 2. MÓRSHIÚL AR SON ACHT GAEILGE SNA SÉ CHONTAE 3. AN BAILIÚCHÁN NAISIÚNTA 4. IMEACHTAÍ NA hARD-CHRAOIBHE AGUS EILE 5. CROSFHOCAL MHÍ FEABHRA 6. UACHTARÁN AN CHONARTHA AG SEASAMH DON SEANAD Sheol Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Colm Hamrogue, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, agus Nikolai Trigoub-Rotnem, Uachtarán Aontas na Mac Léinn Iar-Bhunscoile feachtas náisiúnta le haghaidh ollchóirithe ar mhúineadh na Gaeilge inár scoileanna. Táthar ag cuartú tacaíochta ó gach páirtí agus iad ag réiteach don olltoghchán don pholasaí oideachais a d'fhógair siad ag comhdháil nuachta ar 5 Feabhra, 2007 ag 11.00 r.n. san óstán Buswells i mBaile Átha Cliath agus ag cuartú tiomantais go gcuirfí an polasaí sa chéad chlár rialtais eile. San áireamh sa pholasaí a fógraíodh bhí an trí mholadh seo a leanas: 1. Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla san iomlán le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosnú leis an gcéad mhí cinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo; 2. Go múinfí ábhar amháin de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá; 3. Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach:- • "Teanga na Gaeilge" a mhúinfí do gach mac léinn: ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, lab- hartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar tha- gairt agus ag cuimsiú feasachta teanga. • "Litríocht na Gaeilge" le déanamh ag gach mac léinn ardleibhéil agus le múineadh go comhtháite le "Teanga na Gaeilge" ag an leibhéal cuí. Ligfeadh seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leib- héil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D'aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí "Litríocht na Gaeilge" a mharcáil mar ábhar breise. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is iomaí céim chun cinn atá tógtha le blianta beaga anuas i dtreo thodhchaí na Gaeilge a chinntiú: TG4, stádas mar theanga oifigiúil den AE, Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ag cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus an borradh faoin ngaelscolaíocht. Ina ainneoin sin, áfach, ní éiríonn leis an earnáil scolaíochta Béarla, ar a bhfreasta- laíonn 90% de scoláirí na tíre, fíorbheagán cainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus is cúis fhrustrachais go minic an siollabas do scoláirí, do thuismitheoirí agus do mhúin- teoirí araon. Tá na leasuithe atá á moladh againn bunaithe ar na cleachtais is fearr ar fud na cruinne, agus d'fhéadfaí iad a chur i bhfei- dhm de réir a chéile thar shaolré an chéad rialtais eile agus d'fheabhsóidís as aithne sealbhú na Gaeilge inár scoileanna. Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile. Ar lean lch. 2 Ollchóiriú ar mhúineadh na Gaeilge á Ollchóiriú ar mhúineadh na Gaeilge á éileamh ag Uacht éileamh ag Uacht arán an Chonartha arán an Chonartha An triúr Uachtarán Maoinithe ag: 1. Vót Vót aíocht Nua ar Shuíomh aíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Idirlín an Chonartha An bhfuil tú dóchasach go gcuirfí plean náisiúnta an Rialtais i leith na Gaeilge i bhfeidhm? • Tá • Níl Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gab- háil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag [email protected] Trasna 1 gáir mhaíte (3) 3 beagán; giota beag (3) 5 cur leis an bhfírinne; áiféis (7) 7 measartha; réasúnta (11) 8 bean a bhfuil a fear céile marbh (10) 12 giota; píosa beag (6) 14 amhras; dabht (3) 15 moncaí mór gan eireaball (3) 16 timpeall na háite; ar gach taobh (8) 17 dream; lucht; daoine (3) Síos 1 iarratas; fabhar (5) 2 bean (2) 3 leiceann (4) 4 gaiste; dol; súil ribe (3) 6 cinneadh cúise i gcúirt dlí (11) 9 bothán adhmaid (5) 10 seal ama; tréimhse (3) 11 fráma a úsáidtear chun comhaireamh a dhéanamh (6) 12 duine mallintinneach (5) 13 aon rud a dhíoltar nó a cheannaítear (5) Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Diarmuid Ó Dúil, Craobh Na Gaeil Óga Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile átha Cliath 2. Uacht Uacht arán an Chonartha ag Seasamh don Seanad arán an Chonartha ag Seasamh don Seanad Crosfhocal Mhí Feabhra Crosfhocal Mhí Feabhra Mar a luadh in eagrán mhí Eanáir den Nuachtlitir beidh Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha ag seasamh do thoghchán an tSeanaid. I measc na dtosaíochtaí a bheadh ag Dáithí dá bhfaigheadh sé suíochán sa Seanad ná: Cúrsaí Oideachais, Comhshaoil, Infrastruchtúir, Sláinte agus Leanaí, Fuinnimh, Gaeilge agus Chúrsaí Idirnáisiúnta. Maidir le cúrsaí Gaeilge bheadh na nithe seo a leanas mar thosaíocht aige: 1. An Comhchoiste Oireachtais don Gaeilge a athbhunú; 2. Deireadh a chur le himeallú na Gaeilge sa saol poiblí trí chur le seirbhísí trí Ghaeilge de bhun Acht na dTeangacha Oifigiúla; 3. Múineadh na Gaeilge ar scoil a fheabhsú bunaithe ar an gcleachtas is fearr go hidirnáisiúnta: (cuid de) ábhar eile a mhúineadh tríd an sprioctheanga mar chuid de churriculum comhtháite teangacha, scileanna ó bhéal chomh maith le scileanna scríofa a scrúdú ag gach staid agus go marcálfaí na páipéir teanga agus litríochta mar dhá ábhar ar leith i gcás mhic léinn onóracha; 4. Tacaíocht ó Rialtas na hÉireann do Choinbhinsiún Idirnáisiúnta de chuid na Náisiún Aontaithe chun tacú le héagsúlacht teanga; 5. Ainmneacha simplí Gaeilge ar fhorbairtí tithíochta nua; 6. Pacáistiú dátheangach (Gaeilge/Béarla) ar earraí tomhaltóirí faoi mar atá i dtíortha eile le 2 (nó níos mó) theanga oifigiúla acu ar nós na Beilge nó Cheanada; 7. Forbairt inbhuanaithe na Gaeltachta mar phobal Gaeilge trí fhorbairtí pobalbhunaithe theanga-lárnaithe a chur chun cinn agus trí thograí a dhéanfadh díobháil d'úsáid na Gaeilge go háitiúil a chosc. Is féidir tuilleadh eolais a fháil Dháithí agus faoina fheach- tas toghchánaíochta ar www.daithi1.ie NB: Is é 26 Feabhra an data deiridh le haghaidh clárú le vóta a chaitheamh. Mar sin, más mian leat go gclárófaí tú déan teagmhail le lucht na hArd-Oifige ag [email protected] nó déan teagmháil le Ollscoil na hÉireann ag 01 439 2424 nó ag [email protected]. 4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Nuachtlitir Feabhra 07.qxp

Embed Size (px)

DESCRIPTION

2. MÓRSHIÚL AR SON ACHT GAEILGE SNA SÉ CHONTAE 1. OLLCHÓIRIÚ AR MHÚINEADH NA GAEILGE Á ÉILEAMH AG UACHTARÁN AN CHONARTHA Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 16 Feabhra 2007 3. AN BAILIÚCHÁN NAISIÚNTA An bhfuil tú dóchasach go gcuirfí plean náisiúnta an Rialtais i leith na Gaeilge i bhfeidhm? Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gab- háil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag [email protected] Iml: 2 Eagrán 4

Citation preview

Page 1: Nuachtlitir Feabhra 07.qxp

Iml: 2 Eagrán 4 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 16 Feabhra 2007

SANSAN EAGRÁN SEO:EAGRÁN SEO:

1. OLLCHÓIRIÚ ARMHÚINEADH NAGAEILGE Á ÉILEAMHAG UACHTARÁN ANCHONARTHA

2. MÓRSHIÚL AR SONACHT GAEILGE SNASÉ CHONTAE

3. AN BAILIÚCHÁNNAISIÚNTA

4. IMEACHTAÍ NAhARD-CHRAOIBHEAGUS EILE

5. CROSFHOCAL MHÍFEABHRA

6. UACHTARÁN ANCHONARTHA AGSEASAMH DONSEANAD

Sheol Dáithí Mac Cárthaigh, UachtaránChonradh na Gaeilge, Colm Hamrogue,Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn,agus Nikolai Trigoub-Rotnem, UachtaránAontas na Mac Léinn Iar-Bhunscoilefeachtas náisiúnta le haghaidh ollchóirithear mhúineadh na Gaeilge inár scoileanna.Táthar ag cuartú tacaíochta ó gach páirtíagus iad ag réiteach don olltoghchán donpholasaí oideachais a d'fhógair siad agcomhdháil nuachta ar 5 Feabhra, 2007 ag11.00 r.n. san óstán Buswells i mBaileÁtha Cliath agus ag cuartú tiomantais gogcuirfí an polasaí sa chéad chlár rialtaiseile. San áireamh sa pholasaí a fógraíodh bhían trí mholadh seo a leanas:1. Go múinfí gach ábhar oide tríGhaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge,ag foghlaim tríd an tumoideachas agusfaoin tumoideachas, ar feadh tréimhsebliana acadúla san iomlán le linn agcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhsethar fhad iomlán an chúrsa oiliúna agtosnú leis an gcéad mhí cinniúnach.Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsaiomlán a dhéanamh trí Ghaeilge másmian leo;2. Go múinfí ábhar amháin de bhreis aran nGaeilge, trí Ghaeilge do gach daltabunscoile, ar bhonn píolótach ar dtúsleis an tacaíocht agus an oiliúint is gá;3. Go bhforbrófaí dhá shiollabas donGhaeilge ag an dara leibhéal le dhápháipéar scrúdaithe ar leith donArdteist agus don Teastas Sóisearach:-

• "Teanga na Gaeilge" a mhúinfí do gachmac léinn: ag múineadh agus agmeasúnú na scileanna tuisceana, lab-hartha, léite agus scríofa ag baint leasa asan bhFráma Coiteann Eorpach mar tha-gairt agus ag cuimsiú feasachta teanga.• "Litríocht na Gaeilge" le déanamh aggach mac léinn ardleibhéil agus lemúineadh go comhtháite le "Teanga naGaeilge" ag an leibhéal cuí.

Ligfeadh sé seo do mhic léinnBonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar anteanga a shealbhú agus ní bheadh achpáipéar amháin le déanamh acu ag leib-héil na hArdteiste agus an Teastais

Shóisearaigh. D'aithneofaí uallach oibrena litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí"Litríocht na Gaeilge" a mharcáil marábhar breise.Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, UachtaránChonradh na Gaeilge: "Is iomaí céim chuncinn atá tógtha le blianta beaga anuas idtreo thodhchaí na Gaeilge a chinntiú:TG4, stádas mar theanga oifigiúil den AE,Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ag cur lelíon agus le caighdeán na seirbhísí poiblítrí Ghaeilge a fheabhsú agus an borradhfaoin ngaelscolaíocht.Ina ainneoin sin, áfach, ní éiríonn leis anearnáil scolaíochta Béarla, ar a bhfreasta-laíonn 90% de scoláirí na tíre, fíorbheagáncainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus iscúis fhrustrachais go minic an siollabas doscoláirí, do thuismitheoirí agus do mhúin-teoirí araon.Tá na leasuithe atá á moladh againnbunaithe ar na cleachtais is fearr ar fud nacruinne, agus d'fhéadfaí iad a chur i bhfei-dhm de réir a chéile thar shaolré an chéadrialtais eile agus d'fheabhsóidís as aithnesealbhú na Gaeilge inár scoileanna.Ní foláir na leasuithe seo a bheith mardhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo,curaclaim chomhtháite teangacha.Sealbhaítear teangacha le húsáid agus lecleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhannaeile.Ar lean lch. 2

Ollchóiriú ar mhúineadh na Gaeilge áOllchóiriú ar mhúineadh na Gaeilge áéileamh ag Uachtéileamh ag Uachtarán an Chonarthaarán an Chonartha

An triúr Uachtarán

Maoinithe ag: 1.

VótVótaíocht Nua ar Shuíomhaíocht Nua ar ShuíomhIdirlín an ChonarthaIdirlín an Chonartha

An bhfuil tú dóchasach gogcuirfí plean náisiúnta anRialtais i leith na Gaeilge ibhfeidhm?

• Tá• Níl

Má tá tuairim agat maidir leisan gceist seo thuas is féidirvóta a chaitheamh ach gab-háil isteach ar ShuíomhIdirlín an Chonartha [email protected]

Trasna1 gáir mhaíte (3)3 beagán; giota beag (3)5 cur leis an bhfírinne; áiféis (7)7 measartha; réasúnta (11)8 bean a bhfuil a fear céile marbh (10)12 giota; píosa beag (6)14 amhras; dabht (3)15 moncaí mór gan eireaball (3)16 timpeall na háite; ar gach taobh (8)17 dream; lucht; daoine (3)Síos1 iarratas; fabhar (5)2 bean (2)3 leiceann (4)4 gaiste; dol; súil ribe (3)6 cinneadh cúise i gcúirt dlí (11)9 bothán adhmaid (5)10 seal ama; tréimhse (3)11 fráma a úsáidtear chun comhaireamh a

dhéanamh (6)12 duine mallintinneach (5)13 aon rud a dhíoltar nó a cheannaítear (5)

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoirmhí na Samhna: Diarmuid Ó Dúil, Craobh Na Gaeil ÓgaMás spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit ancrosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a churchuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile áthaCliath 2.

UachtUacht arán an Chonartha ag Seasamh don Seanadarán an Chonartha ag Seasamh don Seanad

Crosfhocal Mhí FeabhraCrosfhocal Mhí Feabhra

Mar a luadh in eagrán mhí Eanáir den Nuachtlitir beidhDáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha agseasamh do thoghchán an tSeanaid. I measc nadtosaíochtaí a bheadh ag Dáithí dá bhfaigheadh sésuíochán sa Seanad ná: Cúrsaí Oideachais, Comhshaoil,Infrastruchtúir, Sláinte agus Leanaí, Fuinnimh, Gaeilgeagus Chúrsaí Idirnáisiúnta. Maidir le cúrsaí Gaeilge bheadh na nithe seo a leanas marthosaíocht aige:1. An Comhchoiste Oireachtais don Gaeilge a athbhunú;2. Deireadh a chur le himeallú na Gaeilge sa saol poiblí tríchur le seirbhísí trí Ghaeilge de bhun Acht na dTeangachaOifigiúla;3. Múineadh na Gaeilge ar scoil a fheabhsú bunaithe ar angcleachtas is fearr go hidirnáisiúnta: (cuid de) ábhar eile amhúineadh tríd an sprioctheanga mar chuid de churriculumcomhtháite teangacha, scileanna ó bhéal chomh maith lescileanna scríofa a scrúdú ag gach staid agus go marcálfaína páipéir teanga agus litríochta mar dhá ábhar ar leith igcás mhic léinn onóracha;4. Tacaíocht ó Rialtas na hÉireann do ChoinbhinsiúnIdirnáisiúnta de chuid na Náisiún Aontaithe chun tacú lehéagsúlacht teanga; 5. Ainmneacha simplí Gaeilge ar fhorbairtí tithíochta nua;6. Pacáistiú dátheangach (Gaeilge/Béarla) ar earraítomhaltóirí faoi mar atá i dtíortha eile le 2 (nó níos mó)theanga oifigiúla acu ar nós na Beilge nó Cheanada;

7. Forbairt inbhuanaithe na Gaeltachta mar phobal Gaeilgetrí fhorbairtí pobalbhunaithe theanga-lárnaithe a chur chuncinn agus trí thograí a dhéanfadh díobháil d'úsáid naGaeilge go háitiúil a chosc.Is féidir tuilleadh eolais a fháil Dháithí agus faoina fheach-tas toghchánaíochta ar www.daithi1.ie

NB: Is é 26 Feabhra an data deiridh le haghaidh clárú levóta a chaitheamh. Mar sin, más mian leat go gclárófaítú déan teagmhail le lucht na hArd-Oifige [email protected] nó déan teagmháil le Ollscoil na hÉireannag 01 439 2424 nó ag [email protected].

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Page 2: Nuachtlitir Feabhra 07.qxp

Ceapadh comhordaitheoirí feachtais i bhformhór nandáilcheantar c heana féin agus beidh siad ag sprea-gadh díospóireachta agus ag leagan béime ar an bpo-lasaí oideachais seo san fheachtas toghchánaíochta.Iarrfaidh siad ar gach iarrthóir gealltanas tacaíochta ashíniú don pholasaí seo. Tacaíonn saineolaithe teanga ar nós An tOllamh DavidLittle, Stiúrthóir Ionad an Léinn Teanga agusCumarsáide agus Ollamh Comhlach le TeangeolaíochtFheidhmeach i gColáiste na Tríonóide, agus CaoimheMáirtín, Comhairleoir Oideachais leis an bpolasaí. Imeasc na ngrúpaí eile a thacaíonn leis an bpolasaí seocheana féin tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, NaGaeil Óga, Ógras, Cumann na bhFiann agus Spleodar.Bunaíodh an polasaí seo ar chainteanna le daltaíscoile, múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí, saineo-

laithe teanga, ceard-chumainn múinteoirí,aontais mac léinn,eagraíochtaí Gaeilge,baill foirne decholáistí oiliúna múin-teoirí, státseirbhísí,polaiteoirí agus ledaoine eile ag cruin-nithe agus ag comhd-hálacha le dhá bhliainanuas.Tá cóip iomlán denpholasaí ar fáil arwww.cnag.ie ImeachtImeachtaí na hArd-Chraoibhe agus eileaí na hArd-Chraoibhe agus eile

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2007Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl i gCathairna Mart, Co. Mhaigh Eo agus is é 'Olltoghchán -Pleanáil, Oideachas agus Cearta' an téama a bheidhuirthi i mbliana. Is idir 20-22 Aibreán a bheidh ar siúl inÓstán Chathair na Mart. Más mian leat lóistín a chur ináirithe déan teagmháil le Mairéad Seoige san Ard-Oifig.

Ar an Aoine, 21 Aibreán, beidh fáiltiú gairid ann ina mbei-dh Uachtarán an Chonartha, Dáithí Mac Cárthaigh, agcaint agus ina dhiaidh sin beidh díospóireacht ar siúl. Tásé i gceist go mbeidh iarrthóirí éagsúla olltoghcháin imbun na díospóireachta sin. Ar an Satharn a thabharfaífaoi ghnó na hArd-Fheise agus san oíche beidh 'Dinnéarna hArd-Fheise' ann le ceol agus siamsaíocht ó Liadánagus cuid de bhuaiteoirí an Oireachtais ina dhiaidh. Aran Domhnach beidh Aifreann agus turas bus thart ar angceantar máguaird ar siúl.

An Ard-Chraobh

Beidh Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge ag eagrú'Turas Lae Bliantúil 2007' chuig Droim Seanbhó agusLoch Ailín, Dé Domhnaigh, 24 Meitheamh 2007.Déanfaidh Áine Bean Uí Ghabhann tráchtaireacht inGaeilge ar an mbus idir míreanna ceoil. Beidh an busag fágáil Na Glascnoic ar 8.30am agus ag stopadh inÁras na Craoibhe ag 8.45am roimh ghabháil ar aghaidhle daoine a bhailiú i Halla an Chonartha ag 9.00am.Beidh an bus ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath ar 9.30pm.

Is é €28 an costas a bheidh ar an turas ach san áireamhsa phraghas sin tá an táille bus chomh maith le tae aguscaifé ar maidin. Ní mór íoc as an turas seo roimh 1Bealtaine 2007. Tagann lucht na hArd-Chraoibhe lechéile gach tráthnóna Luain ar 8.00 in Ard-Oifig anChonartha má tá a thuilleadh ceisteanna agat.

Beannachtaí is Mallachtaí i Ráth Cairn

An bhfuil beannachtaí agus mallachtaímaithe Gaeilge agat? An mbíonn tú ageascainí agus tú ag labhairt i nGaeilge?Má bhíonn beidh deis agat iad a roinntlinn ag Dámh na Mí a bheidh ar siúl ar16 Feabhra ag a naoi a chlog igComharchumann Ráth Cairn, RáthCairn, Co. na Mí. Ócáid mhór seanchaisis ea an ócáid seo agus cuirfear fáilteroimh bheannachtaí agus mallachtaí degach sórt. Le haghaidh tuilleadh eolaisfaoi imeachtaí eile a bhíonn ar siúl i RáthC a i r n c u i r r í o m h p h o s t c h u i [email protected]. Bí ann le fonn!

Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís agus beidh deisag craobhacha an Chonartha airgead a bhailiú don Chraobhagus don eagraíocht náisiúnta. Is deis iontach í seo do nacraobhacha ciste mór a chur le chéile le haghaidh obair nabliana agus, chomh maith leis sin, is deis mhaithbholscaireachta é don Chraobh. Tá ceadúnais agus roinnt ábhar bailiúcháin (lipéid, buicéidagus póstaier san áireamh) ar fáil ón Ard-Oifig anois agus táan fhoireann ag glacadh le horduithe faoi láthair. Tá sé igceist go bhforbrófar an bailiúchán go mór i mbliana agus,mar sin, déan cinnte go mbaintear an tairbhe is mó as andeis seo.Tuilleadh eolais: Jamie - 01 4757401 / [email protected]

An Bailiúchán NáisiúntAn Bailiúchán Náisiúntaa

Beidh mórshiúl ollmhór ar siúl i mBéal Feirste ar 24Feabhra chun Acht Gaeilge a éileamh do na SéChontae. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh antAcht seo chomh láidir agus is féidir. Tá ceartadleathúla daonna ag croí an Achta seo agus marsin éilítear ar Rialtas na Breataine na hacmhainníoiriúnacha cuí a chur ar fáil chun go mbainfí Achtláidir amach.Agus í ag caint faoin tábhacht a bhaineann letacaíocht an mhórphobail seo agus na haighneach-taí a bhaineann leis an Acht seo dúirt Janet Muller,Príomhfheidhmeannach POBAL,”Caithfear cur síosa dhéanamh i scríbhinn agus é a sheoladh isteachchuig RCEF ní hamháin le hionchur a chinntiú aran phróiseas seo comhair l iúcháin, ach marthaifead buan scríofa ar éil imh agus ar bharúlachaphobal na Gaeilge ag an phointe seo. An dóigh issimplí le tacú le hAcht cuí i mbeagán focal, nátacaíocht a léiriú i scríbhinn do na moltaí aontaithecheana féin ag pobal na Gaeilge agus curtha i gclóag POBAL sa bhliain 2006 sa doiciméad ‘Acht naGaeilge TÉ”. (Gheobhaidh tú dréachtaighneachtfaoi iamh leis an nuachtlit ir seo agus ná bíodh leisceort í a scaipeadh ar dhaoine eile)Ócáid mhór cheiliúrtha a bheidh ann le hatmaisféarcarnabhail agus táthar ag súil leis an mílte daoine.Beidh na sluaite ag teacht le chéile ag CultúrlannMac Adam Ó Fiaich ar bhóthar na bhFál ar 1.00in.agus beidh lucht an mhórshiúil ag siúl chomh fadale Roinn DCAL i lár na cathrach.

Beidh Conradh na Gaeilge i gcomhar leis Na GaeilÓga ag eagrú bus a bheidh ag fágáil Ard-Oifig anChonartha ag 9.30rn. Ní bheidh aon chostas ar anmbus agus, mar sin, iarrtar ar Ghaeil na 26 contaeteacht amach agus tacú lenár gcairde agus lenárngaolta sa Tuaisceart Acht Gaeilge agus ceartadaonna a bhaint amach dóibh féin. Fil lf idh an busar Bhaile Átha Cliath thart ar 5.30in. Níl ach méidáirithe spásanna ar fáil ar an mbus agus, mar sin,iarrtar ort suíochan a chur in áirithe a luaithe agusis féidir. Le suíocháin a chur in áirithe níl ledéanamh ach glaoch a chur ar Jamie Ó Tuama ar01 4757401 nó r íomhphost a chur chuige [email protected]. Bí ann le fonn!!

Mórshiúl ar son Mórshiúl ar son Acht Gaeilge sna Sé ChontAcht Gaeilge sna Sé Chont aeae

Ollchóiriú ar mhúineadh na Gaeilge áOllchóiriú ar mhúineadh na Gaeilge áéileamh ag Uachtéileamh ag Uachtarán an Chonartha (ar lean)arán an Chonartha (ar lean)

2. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig 3.