Upload
caroline-nolan
View
234
Download
7
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Nuachtlitir chuig na scoileanna 2012
Citation preview
Déan teagmháil linn:
Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge Cumann Gaelach na hEaglaise Teil: 026 45741 / 085 1632772
R’phost: [email protected] Facebook: Cumann Gaelach na hEaglaise
Príomhaidhmeanna reatha
Go mbeidh níos mó seirbhísí ann trí Ghaeilge Go mbeimid ag cothú na Gaeilge sna deoisí
Go mbeidh clár tarraingteach againn do dhaltaí scoile
Bronnadh ar Coláiste Alexandra
ó chlé: Dáithí Ó Maolchoille, Cathaoirleach,
Cumann Gaelach na hEaglaise, Aisling Ní
Ghráda Bhreathnach, Áine Nichols agus Sallí
Ní Chioinnaith ar son Choláiste Alexandra,
Paula Swan, Ceannaire Foirne Gaeilge.
An Ghaeilge
i rith Seachtain na
Gaeilge...
Smaointí óna buaiteoirí, lch 2.
Agus an Ghaeilge i rith na
bliana …
Coláiste Alexandra:Phleanáil Thraschuraclaim agus An Ghaeilge Sliocht as an bplean, Lch 3
Tá an togra seo á mhaoiniú ag For as na
Gaeilge
Feabhra 2012 (1)
Comórtas Chorn Bedell
Ba cúis áthais dúinn an chéad duais a bhronnadh ar Coláiste Alexandra i gComórtas Chorn Bedell. Fuair Scoil Ashton, An Scoil Ríoga Cabhán agus Scoil Coláisteach Muineacháin duaiseanna chomh maith. Táimid buíoch de gach scoil a glacadh páirt sa chomórtas. Ba í an chéad bhliain don chomórtas agus bhíomar thar a bheith sásta leis an ardchaighdeán de na hiarratais a tháinig isteach. Tá sliocht as na hiarratais ar lch 2., ag déanamh cur síos ar na himeachtaí a bheidh ar siúl i mbliana i rith Seachtain na Gaeilge. Beidh Comórtas Bedell ar siúl arís i mbliana (Meán Fómhair). Guímis gach rath ar do chuid oibre, ach go háirithe i rith Sheachtain na Gaeilge.
…………… Scoil Coláiste Muineacháin: ó chlé, ar chúl: Jonathan Lester, Michaela
Treanor, Rebecca Breakey, Isaac John, Adam Dudgeon.
ó chlé, chun tosaigh, Amy Molloy & Eimear Mc Skeane.
.
Sampla de na himeachtaí a bheidh ar
siúl i scoileanna i mbliana
“ Beidh cuid de na seomraí sa scoil mar Ghaeltacht ar feadh na seachtaine. Cuirfimid ainmneacha na nGaeltachtaí ar dhoirse na seomraí ranga m.sh. ‘Gaoth Dobhair’ ar sheomra amháin agus ‘Rann na Feirste’ ar sheomra eile. Beidh an halla sa Ghaeltacht freisin agus beidh na himeachtaí ann gach am lóin eagraithe ag muintir na hidirbhliana”. Scoil Coláiste Muineacháin.
“Beidh comórtas póstaer, tráth na gceist, Céilí Mór agus ceardlann rince ar an Sean-Nós, comórtas cainte agus daltaí ag labhairt ar an ngléas idirchumarsáide gach lá. Beidh imeachtaí éagsúla sna ranganna: gearrscannáin, amhráin, raidió rí-rá, TG4. Mion-Ghaeltacht a bheidh I gceist” Scoil Ashton
Tús maith - An Scoil
Ríoga Cabhán
Bunaíodh Cumann Gaelach ar
an 11/11/11 agus is iad na daltaí
ón Idirbhliain mar stiúrthóirí den
Chumann. Bíonn an Cumann ar
siúil gach Dé hAoine ar scoil idir
1.30-2.00.i.n..
Bíonn imeachtaí cosúil le Ciorcal
Comhrá, cluichí bhoird trí
Ghaeilge, cleachtadh damhsa
Gaeilge agus taispeántais ceoil
ar siúl ann.
>>>>>>>>>>>>>>>>>>>>>>
Smaointe
• Who wants to Be a Millionaire?’
as Gaeilge.
• Tionól Speisialta- iar-scólaire
mar aoichainteoir ag labhairt
faoin Gaeilge sa choláiste agus
ionad oibre, nó- aoi ó Raidió
chun labhairt faoin nGaeilge sa
saol laethúil.
• Tóraíocht taisce timpeall na
scoile. Ceisteanna ag aimsiú
eolais faoi shonraí na scoile, ag
féachaint ar fhógraí, pictiúir,
dealbha, dátaí srl.
• Comórtas /Agallamh a dhéanamh chun Fáinne úr ó Chonradh na Gaeilge a fháil.
An Ghaeilge i rith Seachtain na Gaeilge…
Scoil Ashton: Ó Chlé ina suí: Daniel Mahon, Luke Foran, Meghan Lewis. Ó Chlé ina seasamh: Máire Ní Chríodáin, Olan Ó Geibheannaigh, Máire ní Chéileachair
Agus an Ghaeilge i rith na bliana…
An Phleanáil Thraschuraclaim
agus An Ghaeilge
Sliochtanna as an bplean.
“Mar múinteoirí Gaeilge...aithnímid an riachtanas atá ann mórghnéithe shaolta laethúla na ndaltaí a thabhairt isteach sa seomra ranga, agus freisin an tábhacht atá ann a n-eispéireas leis an teanga a leathnú amach as an seomra ranga céanna…” “Tá ról lárnach ag an ríomhaireacht agus ag an TFC ag gach leibhéal i ngach bliain msh. An tIdirlíon : focal.ie, E-Leathanach (curtha le chéile ag scoláirí an Choláiste san Idirbhliain” - féach: http://www.froebel.ie/news/item/?guid=967e1291-7303-49b3-b86a-fb562ce098d9 “Baintear úsáid as an teanga ó am go céile ag Tionól agus ag ócáidí poiblí eile - go háirithe le linn Sheachtain na Gaeilge” http://gaeilge.slss.ie/resources/c/7/3/Col%C3%A1iste%20Alexandra.pdf “I dtaca le caidreamh a chothú le hábhair eile dhaltaí an Choláiste is féidir na nithe seo a leanas a chur san áireamh: (agus tá samplaí ann d’imeachtaí maidir le): An Ceol, An Ealaíon, An Drámaíocht & An Óráidíocht, An Scannánaíocht, An Spórt & An Stair Éireannach, an Tíreolaíocht agus Teangacha eile na hEorpa.”. Tá cóip den phlean iomlán ar fáil uainn.
Barbara Ennis, Príomhoide, Coláiste Alexandra
SEACHTAIN NA GAEILGE
Anuraidh cheiliúramar seachtain ghlas agus Seachtain na Gaeilge le chéile le téama na timpeallachta mar ábhar. Bhí lá spraoi againn, daltaí gléasta suas in éadaí deartha ar théama na timpeallachta. D’oibrigh sé go han mhaith
Foras na Gaeilge
Scéim na nImeachtaí Óige 2012/13
Imeachtaí trí mheán na Gaeilge don Aos
Óg
Maoiniú faoi bhun €5,000/£3,500stg
Tríd an scéim seo, tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge d’imeachtaí oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg agus a bhfuil mar aidhm acu “Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a neartú”. Ní mór imeachtaí feiliúnacha a chuirfidh le deiseanna úsáide na Gaeilge do dhaoine óga a bheith á reáchtáil idir 1 Meán Fómhair 2012 agus 30 Meitheamh 2013. Spriocdháta: 23 Bealtaine 2012. Tuilleadh eolais ar fáil uainn agus /nó ar: http://www.irish.ie/ForasNaGaeilge/applicationform_listing.asp?id=5
Foinsí maoinithe - Comórtas - Nuacht
Glór na nGael
Comórtas G do scoileanna.
Tuilleadh eolais: http://www.glornangael.ie/claru-leis-an-gcomortas.html
Cumann Gaelach na
hEaglaise
Seirbhísí i nGaeilge:
Bíonn seirbhísí i nGaeilge Am lóin Ardteampeall Chríost gan ceathrú Luan @12.45. Beidh seirbhísí I nGaeilge agus seirbhísí dátheangach ar Lá Fhéile Pádraig agus le linn Sheachtain na Gaeilge. Tuilleadh eolais: Ríomhphost:
Buille chroí na Gaeilge i nDeoise
Chaisil agus Osraí
Tá buille chroí Gaelach nua le sonrú i ndeoise Chaisil agus Osraí i mbliana. Beidh seirbhísí i nGaeilge i ngach Ardeaglais sa deoise i rith na bliana (Lá Bríde, Lá Fhéile Pádraig Féile Cholmcille, Féile an Fhómhair, agus Aidbhint.
An tEasbag Michael Burrows le cléir ó Dheoise Chaisil agus Osraí.